Immanuel Kant - Vicipéid Immanuel Kant Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor. Jump to navigation Jump to search Immanuel Kant Saol Eolas breithe Königsberg, Aibreán 22, 1724 Náisiúntacht an Phrúis an Phrúis Áit chónaithe Königsberg Grúpa eitneach Gearmánaigh Teanga dhúchais An Ghearmáinis Bás Königsberg, Feabhra 12, 1804 Áit adhlactha Königsberg Cathedral (en) Muintir Athair Johann Georg Kant Oideachas Alma mater Ollscoil Königsberg Mic léinn dochtúireachta Anton Friedrich Justus Thibaut (en) Markus Herz (en) Johann Gottlieb Fichte Karl Leonhard Reinhold Karl Leonhard Reinhold Teangacha An Ghearmáinis Múinteoirí Martin Knutzen (en) Johann Gottfried Teske (en) Mic léinn Jakob Sigismund Beck (en) Christian Jakob Kraus (en) Johann Gottlieb Fichte Markus Herz (en) Gairm Gairm fealsamh, antraipeolaí, fisiceoir, leabharlannaí, scríbhneoir, oideolaí, múinteoir ollscoile agus matamaiticeoir Fostóirí Ollscoil Königsberg Saothar iomráiteach Critic an Ghlan-Réasúin Critique of Practical Reason (en) Critique of Judgment (en) Prolegomena to Any Future Metaphysics (en) Answering the Question: What Is Enlightenment? (en) The Metaphysics of Morals (en) Religion within the Bounds of Bare Reason (en) Groundwork of the Metaphysic of Morals (en) Daoine le tionchar air/uirthi David Hume, George Berkeley, Christian Wolff (en) , Jean-Jacques Rousseau, Francis Hutcheson, Isaac Newton, Platón, Johannes Nikolaus Tetens (en) , Michel de Montaigne, René Descartes, Gottfried Leibniz, John Locke, Nicolas Malebranche (en) agus Benedictus de Spinoza (en) Ballraíocht Royal Prussian Academy of Sciences (en) Russian Academy of Sciences (en) Gluaiseacht German idealism (en) Creideamh Reiligiúin Liútarachas Fealsamh iomráiteach ó Ríocht na Prúise i Ré na hEagnaíochta ba ea Immanuel Kant (22 Aibreán 1724 - 12 Feabhra 1804). I dteagasc an Idéalachais Tharchéimniúla d’áitigh sé nach raibh sa spás, san am agus sa chúisíocht ach céadfachtaí; tá “rudaí iontu féin” ann ach ní féidir eolas a fháil orthu. Dúirt sé go gcuireann an intinn cruth ar an eispéireas agus go bhfuil na hairíonna céanna ag an eipéireas daonna go léir. Tá tagairt do réabhlóid Copernicus ina thairiscint go bhféadtar réada a iomasú a priori (roimh ré) agus dá bhrí sin go bhfuil an t-iomasú neamhspleách ar an réaltacht oibiachtúil.[1] Shíl Kant gurbh é an réasún máthair na moráltachta agus gur tháinig an aeistéitic d’acmhainn bhreithiúnais neamhchlaonta. Tá tionchar ag tuairimí Kant ar fhealsúnacht ár linne fós, go háirithe i réimsí na eipistéimeolaíochta, na heitice, na teoirice polaitiúla agus na aeistéitice iar-nua-aoisí. Scríobh sé a mhórshaothar Critic an Fhíor-Réasúin (1781)[2] chun an gaol idir réasún agus eispéireas daonna a mhíniú. Bhí fonn air deireadh a chur le teoiricí amhantracha faoin eispéireas daonna agus cur i gcoinne sceipteachas David Hume agus a leithéidí. Shíl sé gur sháraigh sé an fál go haer a thóg réasúnaithe agus eimpírithe eatarthu féin,[3] agus meastar go forleathan gur chomhtháthaigh sé an dá thraidisiún.[4] Ba é tuairim Kant go dtiocfadh síocháin shíoraí de dhaonlathas uilíoch agus de chomhoibriú idirnáisiúnta. Shíl sé go dtarlódh sé seo de bharr na staire uilíche cé nach mbeadh sé pleanáilte. Tá díospóireacht ar siúl go fóill faoi smaointe reiligiúnda Kant. Deir daoine éigin gurbh aindiachaí ar dtús é agus gur chum sé argóint ointeolaíoch ar son Dé i gceann tamaill, agus tá daoine eile níos déine air, go háirithe Schopenhauer, fealsamh a dúirt nach raibh i bhfoirm ordaitheach eitic Kant ach “moráltacht dhiaga” agus “Deich nAitheanta Mhaois faoi cheilt,”[5] agus Nietzsche, a mhaígh go raibh fuil diagaire in Kant[6] agus nach raibh ann ach cosantóir sofaisticiúil na Críostaíochta. D’fhoilsigh Kant saothair thábhachtacha eile ar eitic, reiligiún, dlí, aeistéitic, réalteolaíocht agus stair. Orthu sin tá Stair Nádúrtha Uilíoch (1755), Critic an Réasúin Phraiticiúil (1788), Meitifisic na Moráltacha (1797), Critic an Bhreithiúnais (1790), leabhar ar aeistéitic agus ar theileolaíocht, and Reiligiún Laistigh de Theorainn an Lom-Réasúin (1793). Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse] ↑ "We here propose to do just what Copernicus did in attempting to explain the celestial movements. When he found that he could make no progress by assuming that all the heavenly bodies revolved round the spectator, he reversed the process, and tried the experiment of assuming that the spectator revolved.... We may make the same experiment with regard to the intuition of objects. If the intuition must conform to the nature of the objects, I do not see how we can know anything of them a priori. If, on the other hand, the object conforms to the nature of our faculty of intuition, I can then easily conceive the possibility of such an a priori knowledge." Kant, Immanuel. Aistrithe ag J.M.D. Meiklejohn, Critique of Pure Reason. ↑ "Critique of Pure Reason" (1996). Indianapolis: Hackett.  ↑ "Kant on Empiricism and Rationalism" (January 2013). History of Philosophy Quarterly 30 (1): 53–74.  ↑ Rohlf, Michael; Zalta, Edward N. (eag.): "Immanuel Kant": http://plato.stanford.edu/entries/kant/%7Cencyclopedia=Stanford Encyclopedia of Philosophy, Metaphysics Research Lab, Stanford University, 2018 ↑ Arthur Schopenhauer, On the basis of Morals, in The Two Fundamental Problems of Ethics]] aistrithe ag Chris Janaway 2009, míreanna 4-5 ↑ Friedrich Nietzsche, An Frith-Chríost (1895), para. 10. Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Immanuel_Kant&oldid=985237" Catagóirí: Fealsúna Gearmánacha Daoine a rugadh i 1724 Básanna i 1804 Roghchlár nascleanúna Do chuid uirlisí Níl tú logáilte isteach Plé Dréachtaí Cruthaigh cuntas Logáil isteach Ainmspásanna Alt Plé Leaganacha Malartacha Radhairc Léigh Cuir in eagar Cuir foinse in eagar Féach ar stair More Cuardaigh Nascleanúint Príomhleathanach Tairseach chomhphobail Cúrsaí reatha Athruithe deireanacha Leathanach fánach Cabhair Síntiúis Uirlisí Cad a nascann anseo Athruithe gaolmhara Uaslódáil comhad Leathanaigh speisialta Nasc buan Eolas faoin leathanach Luaigh an lch seo Mír Wikidata Priontáil/easpórtáil Cruthaigh leabhar Íoslódáil mar PDF Leagan inphriontáilte I dtionscadail eile Wikimedia Commons I dteangacha eile Afrikaans Alemannisch አማርኛ Aragonés العربية الدارجة مصرى Asturianu Aymar aru Azərbaycanca تۆرکجه Башҡортса Žemaitėška Bikol Central Беларуская Беларуская (тарашкевіца)‎ Български भोजपुरी বাংলা Brezhoneg Bosanski Буряад Català Chavacano de Zamboanga Нохчийн Cebuano کوردی Čeština Чӑвашла Cymraeg Dansk Deutsch Zazaki Ελληνικά Emiliàn e rumagnòl English Esperanto Español Eesti Euskara Estremeñu فارسی Suomi Võro Føroyskt Français Arpetan Nordfriisk Frysk 贛語 Kriyòl gwiyannen Gàidhlig Galego ગુજરાતી עברית हिन्दी Fiji Hindi Hrvatski Magyar Հայերեն Interlingua Bahasa Indonesia Interlingue Ilokano Ido Íslenska Italiano 日本語 Patois Jawa ქართული Qaraqalpaqsha Taqbaylit Kabɩyɛ Қазақша ಕನ್ನಡ 한국어 Kurdî Кыргызча Latina Lëtzebuergesch Лезги Lingua Franca Nova Limburgs Ligure Ladin Lumbaart لۊری شومالی Lietuvių Latviešu मैथिली Malagasy Македонски മലയാളം Монгол मराठी Кырык мары Bahasa Melayu Malti Mirandés မြန်မာဘာသာ Эрзянь Nāhuatl Plattdüütsch नेपाली नेपाल भाषा Nederlands Norsk nynorsk Norsk bokmål Occitan Livvinkarjala ਪੰਜਾਬੀ Polski Piemontèis پنجابی پښتو Português Runa Simi Rumantsch Română Русский Русиньскый Kinyarwanda संस्कृतम् Саха тыла Sardu Sicilianu Scots Srpskohrvatski / српскохрватски Simple English Slovenčina Slovenščina Shqip Српски / srpski Sunda Svenska Kiswahili தமிழ் తెలుగు Тоҷикӣ ไทย Tagalog Tok Pisin Türkçe Татарча/tatarça Українська اردو Oʻzbekcha/ўзбекча Vepsän kel’ Tiếng Việt West-Vlams Volapük Winaray 吴语 მარგალური ייִדיש Yorùbá Zeêuws 中文 文言 Bân-lâm-gú 粵語 Athraigh naisc Tugadh an leathanach seo cothrom le dáta an 4 Nollaig 2020 ag 00:06. Tá an téacs ar fáil faoi réir an Creative Commons Attribution/Share-Alike License; féadann téarmaí eile a bheith i bhfeidhm sa bhreis. Féach ar Téarmaí Úsáide le sonraí a fháil. Trádmharc cláraithe is ea Wikipedia® de chuid Wikimedia Foundation, Inc., eagraíocht neamhbhrabúis. Polasaí príobháideachais Maidir le Vicipéid Séanadh Amharc móibíleach Forbróirí Statistics Cookie statement